Scoil: An Clochar, Crossmolina (uimhir rolla 14728)
- Suíomh:
- Crois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Antoine
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Crossmolina
- XML Leathanach 72
- XML “Páidín, an Feilméara ó Bhun Chnuic Néiphin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Páidín, an Feilméara ó bhun Chnuc Néipin
Bhí fear ann uair amháin is dá mbeadh sé ann an uair sin, ní bheadh sé anois ann. Páidín a b'ainm dó. Ar chuma ar bith bhí sé na chomhnuidhe le na mnaoi ag bun Neipín Mhóir. Bhíodar an-bocht ar fad mar bhí na ba tar éis bás fhagháil agus bhí mío-ádh indiaidh an mí-ádha ag teacht ortha.Oidhche amháin chuaidh Páidín suas Néipín le na smaointe brónacha nuair a chasadh firín beag bídeach air a bhí chómh h-éadtrom le sop, agus arsa sé " Anois, a Pháidin, ná bí chomh brónach sin. Dein dearmad ar do chuid trioblóidí. Ar mhaith leat cluiche iománaidheachta a fheiceál? Tá Cúige Mumhan ag imirt in aghaidh Cúige Chonnacht ins an bpoll sin atá ar an dtaobh eile de Néipin. Tá macaire istigh ann agus tá siad ag imirt ann. Níor chreid Paidín é ar dtúis mar ó'n lá a bhí sé in don dul suas Néipin go dtí an lá a bhí ann ní fhaca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chongamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Crois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Miceál O Congamhna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo